Full Lyrics
Don oíche úd i mBeithil
Beidh tagairt fé ghrian go brách.
Don oíche úd i mBeithil
Go dtáinig an Briathar slán
Tá gríosghrua ar spéartha,
's an talamh 'na chlúdach bán.
Féach Íosagán sa chléibhín,
's an Mhaighdean á dhúil le grá.
Ar leacain lom an tsléibhe,
Go nglacann na haoirí scáth,
Nuair in oscailt gheal na spéire
Tá teachtaire Dé ar fail :
'Céad glóir anois don Athair,
i bhFlaitheasa thuas go hard .
Is feasta fós ar talamh,
D'fheara deamhéin, Síothcháin'.